Ar son Seachtain na Gaeilge (1-17 Márta), tá muid ag úsáid ár dteanga dúchais chun an blag seo a scríobh. Tá leagan Béarla ar fáil chomh maith, agus is féidir leat é a fheiceáil anseo - https://www.ezlivingfurniture.ie/blog/post/how-to-choose-the-best-mattress-6-tips
Ní sheomra ceart é an seomra leapa gan tocht d'árd caighdeán. Is é an príomhchuspóir leis an seomra leapa ná chun dul a choladh ar dhromchla compórdach tar éis lá fhada. Ba chóir go mbeadh 8-10 uair codladh faighte ag gach duine fásta i rith na hoíche. Muna bhfuil fhios agat, faigheann do thocht i bhfad níos mó úsáid ná mar a cheapann tú. Teastaíonn i bhfad níos mó codladh ag páistí, timpeall 11-12 uair gach oíche. Má tá do thocht leat ar feadh na blianta anois, ba chóir go mbeadh tú ag smaoineamh faoi tocht nua. Seo é an t-am is fearr ceann a cheannach chomh maith de bharr go bhfuil díolacháin Mattress Madness ar súil ag EZ Living Furniture. Faraor, is féidir leis a bheith deacair an ceann is fearr a phiocadh, bhuel bhí sé go dtí seo. Chun é a dhéanamh níos éasca duit, chuir muid liosta eilimintí le chéile anseo le seiceáil nuair atá tú ag siopadóireacht le haighaidh do chéad tocht eile.
1. Spriongaí Póca
Tugann spriongaí póca tacaíocht phearsanta duit. Má tá tú i d’aonar nó má tá tú ag roinnt do thocht le dhuine éigin, tá spriongaí póca riachtanach. Chun é a mhíniú go heasca, má fhaigheann tú tocht le go leor spriongaí póca, beidh níos mó tacaíocht agat.
2. Grádú Compord
Teigh chuig an siopa agus bain triail as tochtanna le grádú difriúla atá bunaithe ar chompord. Is é seo an bhealach is éasca do ghrádú compord a phiocadh. Tá réimse leathan le fáil. Bog, bog-go-meán, meán-go-teann, teann, agus an-theann.
3. Líonadh & Cúir
Tá feidhmeanna éagsúla ag líonadh agus cúir lastigh den thocht. Má tá tacaíocht ag teastáil uait, agus rud éigin a ligeann an aer tríd agus atá marthanach, pioc cúr laitéis. Má fhaigheann tú ró-the i rith na hoíche, tá cúr cuimhne glóthach an líonadh is fearr duit. Is rogha tacúla agus trom é tocht cúr cuimhne caighdeánach. Tá tocht cúr polúireatáin an rogha is coitianta agus éadroma.
4. Leithead
Ba chóir duit fráma leapa nua a cheannach ag an am céanna is a cheannaíonn tú tocht nua. Muna bhfuil tú in ann é seo a dhéanamh, féach ar leithead an tocht. Má tá do thocht nua ró-ard nó ró-ísle, déanann sé deacair duit éirí as an leaba. Má tá fráma leapa agat le clár cinn nó clár coise, tá leithead an tocht tábhachtach de bharr go gcuireann sé teorainn ar leithead an thocht atá ceadaithe.
5. Meáchan
Má cheannaíonn tú tocht nua agus cuireann tú ar shean fráma leapa é, d’dhéadfá do fhráma a bhriseadh. Ta meáchan an leaba tábhachtach agus b’fhédir nach bhfuil do shean fráma in ann tacaíocht a tabhairt dá thocht nua. B’fhéidir go raibh do shean tocht níos éadroime agus anois, le húsagrádú tá sé níos troime. Sin an chúis go molann muid fráma leapa nua a cheannach ag an am chéanna is a cheannaíonn tú tocht nua.
LEID EZ: Éiríonn do thocht níos troime tar éis cúpla bliana, ach conas? Bhuel, tar éis tamaill agus tú ina choladh air, bailíonn sé maothas agus cealla ón gcraiceann.
6. Baránta
Ná déan dearmad fad an baránta ar gach tocht a sheiceáil. Athraíonn barántaí de réir an tocht atá i gceist. De ghnáth, nuair atá baránta fada ar fáil, ba chóir go bhfuil caighdeán níos fearr i gceist agus go mbeidh sé agat le fada. Ná déan dearmad go bhfuil difríocht idir báranta agus dearbhú.
De ghnáth bíonn dearbhú saor in aisce agus clúdaíonn sé beagnach gach rud a tharlaíonn dá thocht ó thús an dearbhú go dtí deireadh an dearbhú atá i gceist. Le baránta, laghdaíonn an clúdach tar éis tamaill. De ghnáth, clúdaíonn sé aon dhamáiste i rith an chéad bhlian. Tar éis é seo, tá táille ag teastáil agus laghdaíonn an clúdach chomh maith. Tá gach tocht agus gach baránta difriúil, is é seo an chúis go bhfuil sé tábhachtach an baránta a léamh roimh a cheannaíonn tú tocht nua.
Is é seo 6 leid riachtanacha ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi roimh a cheannaíonn tú tocht nua. Má tá tú ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi tochtanna agus conas an cheann is fearr duit a cheannach, leigh: Choosing The Right Mattress For The Right Stage Of Life.
We hope you enjoyed this content and found it useful and informative. We aim to share our expertise and knowledge with our customers and to do this we have a team of content creators working tirelessly behind the scenes. We do not use AI to create our content. Click this link to find out more about our team and content guidelines.